Faoi Beo

(Under Gaeilge section)
Faoi BEO
Is iad seo a leanas aidhmeanna BEO:
• Bannaí ceoil óga Éireannach a chuir chun cinn
• Suim sa cheol a spreagadh i measc an idirbhliain agus daoine óga
• An teanga Ghaeilge a chuir chun cinn

Thosaigh BEO mar scéim idirbhliana sa bhliain 2009.

Bunaíodh BEO le comhoibriú ó dhaltaí Idirbhliana  Choláiste Ailigh (links to college homepage), Coláiste Naomh Adhamhnáin, Clochar Loreto agus Coláiste an Eargail. Tá na scoileanna seo suite i Leitir Ceanainn i gCo. Dhún na nGall.

Tá sé mar aidhm ag BEO suim sa cheol a spreagadh i measc an aos óg trí spreagadh a thabhairt dóibh sraith de cheolchoirmeacha a eagrú ina gceantar áitiúil. Tá na daltaí i gceannas ar gach páirt den eagrúchán – na bannaí ceoil  a chuir sa  áireamh, an cur chun cinn dena hócáidí, ag déanamh taifead ar na ceolchoirmeacha srl. Spreagann seo suim i gceol beo, agus ag an am chéanna cuidíonn sé le daltaí forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna eagrúcháin agus cumarsáide.

Cuireann an tionscnamh béim mhór ar an teanga Ghaeilge agus déantar iarracht é a chuimsiú sa phróiseas eagrúchán – “Is fearr Gaeilge bhriste, ná Béarla cliste”.

Tá BEO ar siúl le trí bliana anuas anois. Bhí 5 cheolchoirm ann cheanna féin, le breis is 150 duine ag gach ceann acu. Is iad seo a leanas cuid de na bannaí ceoil a sheinn ag BEO ; (link to bands)

I mí Deireadh Fómhair 2011, bhí BEO gearrliostaithe mar cheann de chúig iomaitheoirí sa chomórtas ‘Designs for Learning’. Bhí an comórtas náisiúnta seo reáchtailte ag an ‘National Digital Research Centre’  i gcomhar leis an ‘National Science Gallery’. Le linn an chomórtas seo bhí cúig seachtaine agus €3,000 ag na hiomaitheoirí chun forbairt a dhéanamh ar a gcuid táirgí sula cuireadh i láthair iad ag an ‘National Science Gallery’ i mBaile Atha Cliath ar an dara lá de mí na Nollaig .

Tar éis an taispeántas, bhí an chéad cheolchoirm BEO taobh amuigh de Leitir Ceanainn ar siúl in ‘Block T’ i mBaile Átha Cliath. Bhí an slua déanta suas de dhaltaí IB as scoil i dTamhlacht  agus daltaí ó scoileanna atá páirteach in BEO ó Dhún na nGall.

Tá sé mar aidhm ag gach duine atá páirteach in BEO go leanfaidh an tionscnamh ar aghaidh ag fás go náisiúnta.